歌词
Tréimhse chaitheas-sa seal go haerach
I measc mo ghaolta go soilbhir sámh,
Gan suim i gcleasa ná i gcúrsaí an tsaoil seo
A chuirfeadh m’intinn ar seachrán.
Thugas gean is urraim dom bhaile dhúchais,
Fuair cion is clú ar fud Inse Fáil.
Is ní thréigfead feasta don ghrá ródhlúth san
Do Bhaile Bhúirne go bhfaighidh mé bás.
Is breá é amharc an chnoic is a sléibhte
Sna gleannta féarmhara gach maidin cheoigh,
Is fuaim gach caise ag sníomh go héasca
Go sroisid béal na mbailte mór.
Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach
Ag fás go líonmhar i measc gach gleann’
Go bhfaigheann an sionnach scáth is díon ann
An druid chiardhubh, an broc is an chreabhar.
Tá Baile Bhúirne go fairsing fáilteach
A’ riar’ na táintibh lena ngabhann ‘na treo
Go bhfuil grá is lasadh i gcroí gach éinne
Rug barr ar aon ní dá bhfacaís fós.
Bíonn triall na sluaite ar a tiobraid naofa
Tá le cianta dlútha fá ghradam mhór
Ach impím feasta ar Ghobnait naofa
Bheith mar dhíon is scáth agam
Pé áit’na ngeobham.
专辑信息
1.Jackie Coleman's, Pigtown
2.Cape Breton Jigs, Mcgurk's
3.Over the Moor to Maggie, Fred Finn's, the Hunter's House
4.Baile Mhúirne
5.Rolling in the Ryegrass
6.Rocking the Cradle/The Twin
7.The Kilmovee Jig/The Maid at the Well/The Old Geese on the Bog
8.Bonny Wood Green
9.Miss Monaghan/Maggie on the Shore
10.Dr. Gilbert, Queen of the May
11.Tommy Coen's/The Otter's Holt/Mcfaddens Handsome Daughter
12.Garrett Barry's/Miss Mcleod
13.Kilkelly
14.Sgaríunt Na Gcompanagh
15.A Set of Single Jigs Learned from Kevins Father/John's Grandfather
16.Larry Redigan's/The High Reel
17.The Boys of Ballinahinch/The Castle/Miko Russell's
18.The Scotsman over the Border/The Tenpenny Bit
19.The Millionaire
20.Westport Set-Dancers