歌曲 / 歌词

Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair

AltanListen on Apple Music

歌词

Céad slán ag sléibhte maorga
chontae Dhún na nGall,
Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd,
ina stua(í) os cionn caor 's call
Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúiche,
go ciún 's an ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair,
is beag nár bhris mo chroí.
Ag taisteal dom amach tríd chnoic Ghleann Domhain,
's an Mhucais ar mo chúl
Ní miste domh 'rá le brón 's le crá,
ghur fhreasadh a shíl mise súil
Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall,
i bhfad thar an fharraige mhór
D'fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall,
's ag Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.
Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh
ó mo thír bheag dhílis féin
Ach trom lámh Gall, le cluain 's le feall,
a thiomáin mé i gnéill
B'é rún mo chroíse pilleadh arís,
nuair a dhéanfainn beagán stór
'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil,
fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.
Slán, slán go fóill a Dhún na nGall,
a chontae shéimh gan smál
'S do d'fheara bréa in am an ghá,
nár umhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear a gach mnaoi,
's gach páiste beag agus mór
Áta beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim,
faoi Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.

更多歌手作品

专辑信息

The Best Of Altan - The Songs →
  1. Beidh Aonach Amárach (There's A Fair Tomorrow)
  2. Girl From The North Country
  3. Eoghainín Ó Ragadáin
  4. Ten Thousand Miles
  5. Green Grow The Rushes
  6. Suil Ghorm
  7. Molly Na Gcuach Ni Chuilleanain
  8. Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair
  9. I Wish My Love Was A Red Red Rose
  10. Cuach Mo Lon Dubh Buí
  11. The Pretty Young Girl
  12. 'Stor, A Stor, A Ghra
  13. Ar Bhruach Na Carraige Baine
  14. A Moment In Time