歌曲 / 歌词

Molly Na Gcuach Ni Chuilleanain

AltanListen on Apple Music

歌词

Ar meisce cha dtéim níos mó
Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé
Ó chaill mé mo chailín beag óg
A chuireadh i mo phócaí an t-airgead
Curfá 1:
Is fada liom uaim í, uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí
Is fada liom thíos agus thuas í
Molly na gcuach Ní Chuilleanáin
Dhéanfaidh mé tigh ar an ard
Is beidh ceithre ba bainne breaca agam
Is ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair
Ach Molly deas bhán Ní Chuilleanáin
(Curfá 1)
Curfá 2:
Is fada liom uaim í, is fada liom uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí
Is fada liom thíos agus thuas í
Molly na gcuach Ní Chuilleanáin
Dá mbeinnse i ndeacair an bháis
Is na daoine a rá nach dtiocfainn as
Ní dhéanfainn mo thiomna go brách
Go dtiocfadh Moll bhán Ní Chuilleanáin
(Curfá 2, curfá 1)
Bhí mise lá ar an choill
Is tharla dom soilse bhrádóige
Dhéanfadh sí marbhán beo
Nó buachaill deas óg den tseanduine
(Curfá 1, curfá 2 2x)

更多歌手作品

专辑信息

The Best Of Altan - The Songs →
  1. Beidh Aonach Amárach (There's A Fair Tomorrow)
  2. Girl From The North Country
  3. Eoghainín Ó Ragadáin
  4. Ten Thousand Miles
  5. Green Grow The Rushes
  6. Suil Ghorm
  7. Molly Na Gcuach Ni Chuilleanain
  8. Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair
  9. I Wish My Love Was A Red Red Rose
  10. Cuach Mo Lon Dubh Buí
  11. The Pretty Young Girl
  12. 'Stor, A Stor, A Ghra
  13. Ar Bhruach Na Carraige Baine
  14. A Moment In Time