歌词
Is fada liom uaim í ar uaigneas gach baile a mbíonn sí
Is le gach ógánach suairc a ghluaisfeadh in aice na dí
Dá dtigtheása anuas ar chuairt fá bharra na gcraobh
Le goirm na gcuach go ngluaisfinn leatsa mar mhnaoi
A Mhalaidh, a chéadsearc, ná tréig thusa mise go brách
Is go bhfuil in do dhiaidh gach aon lá fá mhallaigh na n-ard
Is tú cruithneacht ar mhnáibh Éireann, is tú b'fhéile dar ghlac ariamh lámh
Is dar mionna mo bhéil, ní bréag a bhfuil mé is tú a rá
Is a Mhalaidh mo ró-ghrá atá an t-órfholt snoite glan réidh
Cum cailce atá ró-dheas a chuirfeadh bród ar fhearaibh an tsaoil
Béilin meala mar na rósaí, súil mhódhmhar ghorm gan chlaon
Is i gcoillídh ag buain chnónna, sé mo bhrón gan Malaidh agus mé
专辑信息
1.Annie Moore
2.This Moment
3.Annachie Gordon
4.Venezuela
5.Wishes
6.Is Fada Lion Uaim I
7.Tonight Is Just For Us
8.This Place
9.Trees
10.Ripples In The Rockpools
11.You're A Heathen Of Love
12.Hand In Hand
13.An Cailin Gaelach
14.This Moment