歌词
Rinne mé smaointeamh in m'intinn is lean mé dó go cinnte
Go rachainn ó mo mhuintir anonn 'un
Oileáin Úir
Tá mé 'g iarraidh impí ar an
Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa
Mo shábháil ar gach dáinséar go gcríochnaí mé mo shiúl
Shiúl mé fiche míle 's níor casadh orm
Críostaí Capall, bó, ná caora dheánfadh inghilt ar an fhéar
Ach coillte dlúth' is gleanntáin agus búirtheach beithidhigh allta
Fir is mná gan toint' orthu a chasfainn fá mo mhéar
Tharlaigh 'steach i dtoigh mé is casadh orm daoiní
D'fhiafraigh siad cárbh as mé nó'n tír 'nár tógadh mé
Labhair mé leof' i m
Béarla gur tógadh mé in Éirinn
Láimh le Loch
Eirne i gCoillidh
Lios na bh
Fraoch Bhí cailleach insa chlúdaigh is í ina suí go súgach
D'éirigh sí go lúfar agus chraith sí liom lámh
Sé d'bheatha fear do thíre ar' bhfaca mé de dhaoiní
Nár tógadh mis' in Éirinn i m
Baile Lios
Béal Atha
Nuair a chonnaic mé na daoiní is ansin a rinne mé smaointe
Gur méanar dá mbeinn in Éirinn 's mé sínte faoi chlár
Nó sin an áit a bhfuighfinn a' t-aos óg bheadh laghach aoibhinn
A chaithfeadh liom an oíche 'gus páirt mhór den lá