歌词
An cuimhin leat an oíche úd
An cuimhin leat an oíche úd
Do bhí tú ag an bhfuinneog
Gan hata, gan laimhne
Do do dhíon, gan chasóg?
Shín me mo lámh chugat
Is rug tú uirthí barróg
Is d'fhan mé i do chomhluadar
Nó go labhair an fhuiseog.
An cuimhin leat an oíche úd
Do bhí tú agus mise
Ag bun an chrainn chaorthainn
Is an oíche ag cur chuisne?
Do cheann ar mo chíochaibh
Is do phíob gheal dhá seinm,
Is beag a shíleas an oíche úd
Go scaoilfeadh ár gcumann!
A chumainn mo chroí istigh!
Tar oíche ghar éigin
Nuair a luífidh mo mhuintir,
Chun cainte le chéile.
Beidh mo dhá lámh i do thimpeall
Is mé ag insint mo scéal duit
Is gurb é do chómhra suairc mín tais
Do bhain radharc Fhlaithis Dé dhíom!
Tá an tine gan choigilt,
Tá an solas gan mhúchadh,
Tá an eochar faoin doras
Is tarraing go ciúin í.
Ta mo mháthair ina codladh
Agus mise i mo dhúiseacht.
Tá mo fhortún i mo dhorn
Is mé ullamh chun siúl leat!
专辑信息
1.I Saw From The Beach
2.Immortality
3.An Irish Airman Forsees His Death
4.When You Are Old
5.Ireland
6.I Am An Irish Son
7.2010 Copyright Group Marketing
8.Copyright Notice
9.The Mother
10.Queens
11.He Wishes For The Cloths Of Heaven
12.The Wheel
13.Easter
14.We Parted In Silence
15.A Moment
16.Cashel Of Munster
17.Siren Chorus
18.To Bathe My Face
19.Waking
20.from The Ballad Of Reading Gaol
21.The Wind That Shakes The Barley
22.An Cuimhin Leat An Oiche Ud
23.Any Woman
24.Do You Remember That Night
25.The Foggy Dew
26.The Nameless One
27.Has Sorrow Thy Young Days Shaded
28.Dear Harp Of My Country
29.The Place Of The Damned
30.An Argument
31.Sweet Innisfallen
32.Erin Oh Erin
33.The Deserter's Meditation
34.The Village
35.Weep On Weep On
36.Though The Last Glimpse Of Erin With Sorrow I See
37.The Old Woman Of Beare
38.Snow - Louis MacNiece
39.The Year Of Sorrow
40.Stella's Birthday
41.After Death