歌词
Síolta lus na gréine ' bheidh mar bhláth deas óir.
Trí bliana d'aois, ag éirí mór.
Tá mé in ann mé féin ag gléasadh má luím ar urlár.
Le mo uaireadóir is mo ghuthán nua draoíochtúil,
Liom féin amháin a dhéanaim mún.
Trí bliana d'aois, ag éirí mór.
Is cuma cad 'bheidh 'am, beidh ocras orm go deo.
Táim in ann comhaireamh go fiche sé sula n-éirím braon de.
Is maith liom bheith ag caitheamh cloch' is ag briseadh gréag' is anraith mo Mhamó
Trí bliana d'aois, ag éirí mór.
Is mise Batman agus Spiderman ag eitilt is ag léim.
Bhí an aibítear ar eolas 'am sular thóg mé mo chéad chéim.
Nuair a imíonn mo Mhamaí ón obair inniu beidh mé ag fanacht ag an bpóirse.
Trí bliana d'aois, ag éirí mór.